
Pobal
Réamhrá
Cuid de do phobal
Beidh ról lárnach ag pobal áitiúil Chonamara i bhforbairt Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde.
Agus muid ag cur tús lenár gclár fairsing comhairliúcháin pobail agus rannpháirtíochta poiblí, rachaimid i mbun cumarsáide go rialta agus lorgóimid tacaíocht agus comhoibriú áitiúil lena chinntiú go n-éireoidh leis an tionscadal.
Cuirfidh an fheirm ghaoithe réimse leathan deiseanna áitiúla fostaíochta agus oiliúna ar fáil do cheantar Chonamara. Meastar go mbeidh tionchar dearfach suntasach ag na deiseanna fadtéarmacha sin, atá nasctha le hacmhainn nádúrtha in-athnuaite, ar an réigiún.
Le himeacht ama, cuirfidh an fheirm ghaoithe réimse buntáistí ar fáil:
Buntáistí tionscadail agus pobail
Bonneagar den chéad scoth ar chósta thiar na hÉireann
Ciste sochair bhliantúil don phobal ar fiú na milliúin euro é
Tacú le forbairt eacnamaíoch áitiúil
Deiseanna fostaíochta áitiúla a chur ar fáil
Slándáil agus iontaofacht fuinnimh ghlain a sholáthar

Clárú an tslabhra soláthair
Beidh ar réimse leathan soláthróirí tionscadal Fheirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde a fhorbairt. Chun spéis a chlárú agus a bheith páirteach inár slabhra soláthair, comhlánaigh an fhoirm thíos le do thoil.